Rónán
Stiúrthóir
Posts: 13
|
Postáil le Rónán ar Dec 24, 2015 2:09:28 GMT
Tá cúpla barúil cloiste agam faoin log ainm seo. Ceann de na leaganacha ná go mbíodh aoirí ag tabhairt na beithíoch ón gceantar maguaird go dtí an láthar seo óir gurb ann a bhí rochtain ar uisce. Sa gheimhreadh is cosúil go ndéantaí bracáin nó cineál leite do na beithíoch ann. Seans mar sin gur fearr Garraí Bhracáin na mBeithíoch a ghlaoch ar an gceantar más fíor!
Bhíodh daoine ina gcónaí sa gceantar sa naoiú céad déag, agus seans comh fada le tús na fichiú haoise. Tá lorg de baile beag fós le feiceáil trasna na habhna ag bun Cnoc Aduaidh, beagáinín níos faide siar ón tSeanscoil ar thaobh na láimhe deise de Bhóthair na Seana-pheistín. Má tá aon eolas breise agut faoin gceantar nó na daoine a bhíodh ina gcónaí sa gceantar seo ba bhreá liom tuileadh eolas a fháil! Cad a bhíodh ar siúil acu, an fíor gur aoirí is mó a bhí sa mbaile beag seo? Cén fáth gur tréigeadh an baile?
|
|